Language
  • Irish
  • Léiriú Spéise - Sláintecare Healthy Communities

  • Tá Clár Pobail Sláintiúla Sláintecare – Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg léirithe spéise ón phobal a bhfuil smaoineamh nó coincheap acu faoi phobail níos sláintiúla a thógáil.

    Is iad Iarthuaisceart Dhún na nGall agus ina measc cuid den Ghaeltacht agus de na hOileáin (Anseo) agus Inis Eoghain (Anseo) na ceantair phíolótacha don chlár. 

    Ba mhaith linn guth an phobail a chluinstin ó ghrúpaí nó ó eagraíochtaí maidir leis na nithe a dhéanfadh áit níos sláintiúla de bhur gceantair, le cur fúibh, fás, obair a dhéanamh agus dul in aois iontu sa todhchaí. Táimid ag lorg bhur moltaí maidir le tionscadail, tionscnaimh nó forbairtí ba mhaith libh a fheiceáil in bhur gceantar, nó a d’fhéadfadh bhur ngrúpa a sholáthar taobh istigh de bhur bpobal.

    An dáta deiridh le haghaidh aighneacht a chur faoi é Dé Céadaoin 17 Lúnasa 2022, ar 3pm

  • Cosaint Sonraí

  • Cosaint Sonraí

    Cad é a dhéanfaidh muid le do chuid faisnéise?

    Úsáidfear an t-eolas a bhailítear sa léiriú spéise seo chun bonn eolais a chur faoi Chlár Pobail Sláintiúla Sláintecare Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an Choiste Forbartha Pobail Áitiúil "LCDC" chun riachtanais na bpobal a thuiscint agus chun cláir agus tionscnaimh amach anseo a ullmhú.

    Geallann Comhairle Contae Dhún na nGall an méid a leanas i dtaca leis na sonraí a bhailítear :-

    · Fuarthas iad go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach é.

    · Fuarthas iad chun críocha sonraithe, follasacha agus dlisteanacha amháin.

    · Tá iad leordhóthanach, ábhartha agus níl iontu ach an méid is gá chun na críche a bhfuarthas iad.

    · Is cruinn daingean an stóráil agus an taifead atá orthu, agus tá iad á gcoinneáil cothrom le dáta nuair is gá.

    · Ní choinneofar iad ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch dá bhfuarthas iad.

    · Tá siad á gcoinneáil i riocht gur féidir an t-ábhar sonraí a aithint.

    · Ní dhéantar iad a phróiseáil ach ar bhealach a chinntíonn slándáil chuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.

    Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag an seoladh seo a leanas https://www.donegalcoco.ie/yourcouncil/publications/dataprotectionpolicy/

    Baineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le gach taifead atá i seilbh na Roinne agus na nÚdarás Áitiúil.

    Forchoimeádann Clár Pobail Sláintiúla Sláintecare agus an LCDC an ceart tuilleadh faisnéise a iarraidh uait más gá.

  • Toiliú RGCS:

  •  
  • Should be Empty: