Príobháideachas & Cosaint Sonraí:
Bailítear d’eolas chun aiseolas a thaifeadadh ar an gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir le forbairt Straitéis um Spáis Ghlas na Gaillimhe, agus chun dul i dteagmháil leat maidir le d’aiseolas.
Is Comhairleoir Dearaidh é Arup a fheidhmíonn thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do sheachadadh Straitéis um Spásis Ghlas na Gaillimhe agus is gnólacht comhairliúcháin agus rannpháirtíochta poiblí é Connect the Dots a fheidhmíonn thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun tabhairt faoin bpróiseas comhairliúcháin phoiblí don straitéis seo. Déanfaidh Arup agus Connect the Dots araon athbhreithniú ar do thuairimí mar chuid den phróiseas forbartha don straitéis. Ní fhoilseofar ná ní roinnfear do shonraí teagmhála agus ní choinneoidh ach soláthraí an ardáin suirbhéireachta Arup agus Connect the Dots iad maidir le d’aighneacht agus an straitéis.
Coinneofar d’aighneacht go slán agus coimeádfar chun críocha cartlainne é.
Coimeádfar d’eolas teagmhála pearsanta go slán freisin agus coinneofar í ar feadh dhá bhliain.
Próiseálfar do shonraí ar aon dul le Beartas Príobháideachais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá ar fáil ag https://www.galwaycity.ie/privacy-policy.
Má tá aon cheist agat faoinár mbeartas príobháideachais nó faoin eolas atá againn fút, déan teagmháil linn le do thoil ar ríomhphost chuig dpo@galwaycity.ie nó scríobh chugainn ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.