Réamhrá
Is í an aidhm atá ag Glór na nGael ná an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga an teaghlaigh agus an t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin a chinntiú. Mar chuid den tacaíocht a chuireann Glór na nGael ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, eagraítear imeachtaí rialta. Tugann na himeachtaí seo deis do theaghlaigh am a chaitheamh i dtimpeallacht Ghaelach.
Rialacha agus Cód Iompair
An Ghaeilge
Is trí Ghaeilge agus Gaeilge amháin a bheidh imeachtaí Theanga Tí, Glór na nGael ag feidhmiú. Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide agus chaidrimh an imeachta seo. Iarraimid ar gach éinne atá ag freastal air Gaeilge a labhairt an t-am ar fad i rith an ama. Tá riail daingean ag Glór na nGael maidir le labhairt na Gaeilge ag ár n-imeachtaí. Ní foláir do thuismitheoirí agus do pháistí a thuiscint go bhfuil gá leis an riail chun a chinntiú go mbeidh am fiúntach taitneamhach ag cách.
Cód Iompair
Tá sé mar aidhm ag Glór na nGael imeacht slán, sábháilte lán-ghaelach a chur ar fáil do theaghlaigh. Tá bhur gcomhoibriú ag teastáil má táimid chun ár sprioc a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí a chinntiú go dtuigeann siad féin agus go dtuigeann a bpáistí Rialacha agus Cód Iompair an imeachta sula bhfreastalaíonn siad ar an imeacht.
Níl sé ceadaithe go mbeidh aon pháiste ag gortú páistí eile, mar sin, cuirtear Cód Iompair i bhfeidhm le linn na seachtaine ar mhaithe le leas agus sábháilteacht na bpáistí.
Cód Iompair - Tuismitheoirí
Iarrtar ar thuismitheoirí smacht a choinneáil ar a bpáistí féin i rith an imeachta agus fios a bheith acu i gcónaí, ar an áit a bhfuil a bpáistí féin.
Is gá go mbeidh cúramóir ag gach páiste ag na himeachtaí. Iarrtar ar thuismitheoirí a bheith i láthair nó muna bhfuil sé ar a gcumas acu a bheith ann, socrú a dhéanamh le tuismitheoir eile roimh ré chun a ndualgas a chomhlíonadh.
Níl sé de dhualgas ar fhoireann Ghlór na nGael smacht a chur ar pháistí ná feighlíocht a dhéanamh, am ar bith, ar pháistí atá ag freastal ar imeachtaí Theanga Tí.
Cód Iompair - Páistí & Daoine Óga
Táthar ag súil le dea-iompar agus dea-bhéasaí ó gach páiste.
- Ní ghlacfar le bulaíocht.
- Níl cead ag páistí béicíl a dhéanamh ag páistí eile nó páistí eile a ghortú nó mallachtaí a dhéanamh ar pháistí eile.
- Ní ghlacfar le haon spraoi garbh.
Chun tacú le timpeallacht lán-Ghaeilge a chruthú, ní cheadófar do dhaoine faoi 18 bliana d’aois fón póca/táibléid srl a úsáid i rith imeachtaí.
Iarrfar ar dhéagóirí dea-chleachtas & dea-shampla teanga a léiriú do na páistí níos óige tríd an Ghaeilge a labhairt i gcónaí ag imeachtaí.
Is gá do dhaoine óga na Rialacha, Cód Iompair & Nósmhaireachta a thuiscint.
Iarrann Glór na nGael ar thuismitheoirí muid a chur ar an eolas má tá droch-iompar ar siúl i measc na bpáistí chun go mbeidh muidne ábalta tuismitheoirí na bpáistí a chur ar an eolas.
An Timpeallacht
Tá dualgas orainn go léir an timpeallacht a choinneáil saor ó bhruscar agus truailliú nuair a bhíonn muid i mbun imeachtaí. Iarrtar ar gach teaghlach glanadh suas, pé ábhar a thógann sibh libh a thógáil abhaile arís agus an áit a fhágáil glan.
Polasaí grianghraif
Glacann Glór na nGael grianghraif & físeáin ag ár gcuid imeachtaí le húsáid in ábhar poiblíochta le labhairt na Gaeilge sa teaghlach a spreagadh. Más é nár mhaith leat go mbainfimid úsáid as aon ghrianghraf ina bhfuil do theaghlach, iarraimid ort sin a chur in iúl dúinn roimh thús an imeachta.
Bunachar sonraí Teanga Tí
Cinntíonn clárú le Teanga Tí, rannóg teaghlaigh Ghlór na nGael go bhfuil tú clúdaithe faoi árachas Ghlór na nGael. Faigheann na baill nuachtlitir gach coicís ina mbíonn eolas faoi imeachtaí Gaeilge do theaghlaigh fud fad na tíre agus eolas ábhartha eile do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge. Ní féidir freastal ar imeachtaí Ghlór na nGael gan a bheith cláraithe linn.