• Image-5
  • Foirm Iarratais le haghaidh Iontráil chuig an 1ú Bhliain, 2026-2027

  • Is Foirm Iarratais le haghaidh Iontrála í an fhoirm seo agus ní hionann í agus tairiscint áite, pé acu intuigthe nó eile. Tagraíonn úsáid an fhocail ‘Iarratasóir’ ó thús deireadh na Foirme Iarratais seo don duine atá ag cur isteach ar Iontráil. Ná baintear aon tuiscint as gur glacadh leis an duine a bhfuil an t-iarratas seo á dhéanamh thar a cheann mar scoláire de chuid Choláiste Iognáid. Cuirfear stádas a n-iarratais in iúl d’iarratasóirí laistigh de 21 lá tar éis an dáta druidte le haghaidh iarratais chomhlánaithe. Tar éis dóibh tairiscint a fháil, iarrfar ar Thuismitheoirí/Caomhnóirí Foirm Rollaithe a chomhlánú agus í a chur isteach mar aon le doiciméid thacaíochta faoin spriocdháta a shonrófar sa litir thairisceana.

    Sa chás go mbeadh aon fhaisnéis a chuirfí ar fáil ar an bhfoirm iarratais seo neamhbhailí nó go n-éireodh sí neamhbhailí, tá sé de fhreagracht ar Thuismitheoirí/Caomhnóirí teagmháil i scríbhinn a dhéanamh láithreach le hOifig na Scoile agus an fhaisnéis a bheadh ag teastáil a chur ar fáil chun an t-iarratas a nuashonrú. D’fhéadfadh sé, sa chás nach ndéanfaí é seo, go bhfágfaí iarratas neamhbhailí, nó go ndiúltófaí iontráil chuig an scoil don iarratasóir, nó gurbh é a d’eascródh as an loiceadh seo, tráth níos faide anonn, go n-aistarraingeofaí an cinneadh an t-iarratasóir a rollú.

  • Glacfar le Foirmeacha Iarratais comhlánaithe ó 9am 1ú Deireadh Fómhair, 2025.

  • Is é an dáta druidte faoina nglacfar le Foirmeacha Iarratais 4pm, an 22ú Deireadh Fómhair 2025.

  • Ba cheart d’iarratasóirí Polasaí Iontrála na scoile, atá ar fáil tríd an nasc seo a chliceáil, a léamh roimh dóibh an fhoirm iarratais seo a chomhlánú,Admissions policy,  Tá an fhaisnéis a iarrtar ar an bhfoirm iarratais seo ag teastáil chun d’iarratas ar iontráil chuig an scoil a phróiseáil. Caithfear leis an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil i modh rúin agus déanfar í a phróiseáil i gcomhréir le polasaí Iontrála na scoile.

    Úsáidfear aon sonraí pearsanta a chuirfear ar fáil ar an bhfoirm seo chun:

    (i)      iarratasóirí a shainaithint

    (ii)    iarratas a phróiseáil i gcomhréir le Polasaí Iontrála na scoile

    (iii)   cumarsáid a dhéanamh le Tuismitheoirí/Caomhnóirí i dtaca le hiarratas

    (iv)   toradh iarratais a chur in iúl do Thuismitheoirí/Caomhnóirí

    Coimeádfar an fhaisnéis go ceann tréimhse iomchuí ina dhiaidh sin chun plé le haon fhiosrúcháin a d’eascródh as an bpróiseas iarratais, nó, i gcás iarratasóirí rathúla, cuirfear le comhad an scoláire í.

    I gcomhréir le halt 66(6) den Acht Oideachais, 1998, arna leasú, is ceadmhach sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratais iontrála a chomhroinnt le Bord Bainistíochta scoil eile nó leis an bpatrún d’fhonn iontráil éifeachtúil scoláirí a éascú. D’fhéadfadh sé go n-aireofaí ar an bhfaisnéis seo, an dáta ar a bhfuair an scoil an t-iarratas, an dáta ar ar eisíodh tairiscint agus an dáta ar ar glacadh le tairiscint. Is ceadmhach freisin faisnéis phearsanta maidir le hiarratasóirí a chomhroinnt, lena n-áirítear a n-ainm, seoladh, dáta breithe agus uimhir PPS.

  • Foirm Iarratais le haghaidh Iontráil chuig an 1ú Bhliain, 2026-2027

    Cuid 1 - Sonraí an Iarratasóra

    Sonraí an duine óig lena mbaineann an t-iarratas seo

  •  - -
  • Cuid 2 - Sonraí Tuismitheora/Caomhnóra Iarrtar an fhaisnéis seo d’fhonn teagmháil a dhéanamh i dtaobh an iarratais seo. Sa chás ina dtabharfaí níos mó ná ainm amháin ach inarb ionann an seoladh, ní eiseofar ach an t-aon litir amháin agus seolfar chuig an mbeirt daoine í.

  • Cuid 3 - Critéir Roghnúcháin le haghaidh Iontrála i gcás an Ró-shuibscríofa

  • Cabhróidh an fhaisnéis seo linn a chinneadh cé acu a chomhlíonann an t-iarratasóir na riachtanais iontrála i gcomhréir leis an ord tosaíochta mar atá leagtha amach ar leathanach 4 de Pholasaí Iontrála 2026-2027 Choláiste Iognáid.

  • Soláthraítear oideachas do scoláirí atá ar Speictream an Uathachais i rang uathachais . Déantar na scoláirí seo a imeascadh leis an scoil. Ní mór tuairisc le Síciatraí nó Síceolaí Cliniciúil a léireodh measúnú agus rangú Neamhoird de chuid Speictream an Uathachais (NSU) a chur isteach in éineacht leis an bhFoirm Iarratais. Ní mór go mbeadh le sonrú sa tuairisc moladh ón ngairmí go mbeadh socrúchán i rang NSU i scoil phríomhshrutha oiriúnach don scoláire.

  • Browse Files
    Drag and drop files here
    Choose a file
    Cancelof
  • Iarrtar ort nóiméad a ghlacadh leis na pointí atá leagtha amach thíos a léamh roimh duit an fhoirm iarratais a shíniú agus a chur isteach. Tabhair do d’aire le do thoil go seolfar cóip iomlán de d’iarratas comhlánaithe chugat ar ríomhphost nuair a chuirtear isteach é.

    Glactar leis an bhfaisnéis ar fad a sholáthróidh tú san fhoirm iarratais seo le hintinn mhaith. Má fhaightear amach go bhfuil cuid ar bith den fhaisnéis mícheart, míthreorach nó easnamhach, d’fhéadfadh sé go bhfágfaí an t-iarratas neamhbhailí.

    Bíodh a fhios agat go bhfuil sé de fhreagracht ortsa an scoil a chur ar an eolas i dtaca le haon athrú ar shonraí teagmhála nó cúinsí a bhaineann leis an iarratas seo.

    I gcás iarratas chuig rang An Ath. Bob McGoran, ní mór duit tuairisc a chur isteach ina moltar oiriúnacht do rang an Ath. Bob McGoran. Mura gcuireann tú í seo isteach in éineacht leis an iarratas, cuirfear an t-iarratas ar neamhní.

    Sínigh thíos, le do thoil, lena léiriú gur léigh agus gur thuig tú an fhaisnéis seo agus go bhfuil tú sásta an t-iarratas seo a chur isteach (níl ag teastáil ach síniú tuismitheora amháin)

    Leis an bhfoirm a shíniú thíos, is féidir an luchóg (coinnigh cnaipe clé thíos), do mhéar nó peann stílis a úsáid.

  • Clear
  • Le síniú a dhéanamh, cléchliceáil agus coinnigh an cnaipe thíos leis an luchóg a úsáid mar a bheadh peann ann

  •  - -
  • Clear
  • Le síniú a dhéanamh, cléchliceáil agus coinnigh an cnaipe thíos leis an luchóg a úsáid mar a bheadh peann ann

  •  - -
  •  
  • Should be Empty: